An lá roimh Lá Fhéile Phádraig.
Slua maith ag an seisiún, mar is gnách. Amhráin as Bearla agus as Gaeilge.
Chan Clíona:
Bhíos lá 'le Pádraig, is mé im shuí i dtigh an tábhairne
bhí cuideacht' álainn lem' ais ag ól.
Bhí maighre mánla, na gcuacha mbán ann
A súil mar an áirne, 's a grua mar snó.
Bhí dís deartháir ann, 'na suí ós cionn cláir ann
A thug searc is grá don réalthainn óig:
Fear súiste 's rámhainne, 's máistir scoláirí
A scríobh a lán is a léigh go leor.
... bíonn a rogha ag an mbean, agus is beag rómánsaíocht atá ag baint leis an scéal - piocann sí
"An téigh gur léir leis, chun tís a dhéanamh,
Is é ba mhéin liomsa 'theacht im threo"!
Agus tuige nach mbeadh.
Ar aghaidh linn go lá Valentín. Beidh an lá sin thart, fán am go gcastar ar a chéile sinn arís, ar an 20 Aibreán, ach b'fhéidir go mbeidh an grá seachas an ghruaim san aer?